Siúlóid Oilithreach WMOF2018

Ón Satharn 18 Lúnasa go dtí an Satharn 25 Lúnasa, tugaimíd cuireadh d’oilithrigh, i lá amháin nó thar thréimhse na seachtaine, tabhairt faoi Shiúlóid Oilithreach WMOF2018.

Chuige seo caithfear cuairt a thabhairt ar sheacht n-eaglaisí ainmnithe, tamall a chaitheamh ag urnaí i ngach ceann acu ar son intinn áithrid bainteach le teaghlaigh agus an chuairt a chríochnú le paidir WMOF2018.

Eiseófar pas siúlóid oilithrigh do gach oilithreach, agus stampálfar ag gach stáisiún é, i sean-traidisiún Camino Santiago. Stampálfar teastas críochnaithe oilithreachta ag an cheann deireanach de na seacht n-eaglaisí. Is féidir cuairt a thabhairt ar na h-eaglaisí in aon ord is maith leis an oilithreach. Tá cuireadh á thabhairt do theaghlaigh, grúpaí, daoine aonaracha, daoine fásta agus páistí páirt a ghlacadh sa siúlóíd oilithreach. Níl aon táille le páirt a ghlacadh ann.

Is imeacht é seo a d’eagraigh Coiste Ullmhúcháin Dheoise Bhaile Átha Cliath le tacaíocht ó Oifig WMOF2018.

Tá na seacht n-eaglaisí seo leanas sa chathair ar bhealach na siúlóide:

 

•    Eaglais Naomh Muire Chnoc Carmel – na Bráithre Bána, Sráid Aungier
Sé téama an staisíuin seo grá i gcroílár an teaghlaigh
•    Eaglais Chairmilíteach Naomh Treasa, Sráid Clarendon. 
•    Sé téama an staisíuin seo bronntanas tuismitheoirí don teaghlach
•    Eaglais Naomh Audoen, an tSráid Ard 
Sé téama an staisíuin seo bronntanas sean-tuismitheoirí don teaghlach 
•     Eaglais Naomh Michan, Sráid na hEaglaise 
Sé téama an staisíuin seo cothú bronntanais an mhaithiúnais i dteaghlaigh. 
•     Is Eaglais Anglacánach é seo agus tá sé mar pháirt  den Siúlóíd Oilithrigh mar chuid de ghné eiciúméineach na siúlóide. 
Eaglais Naomh Michan, Sráid Halston 
Sé téama an staisíuin seo bronntanas páistí don teaghlach
•    Eaglais Naomh Saviour, Sráid Doimnic
Sé téama an staisíuin seo: Siúlann Dia le teaghlaigh nuair atá siad i gcruachás.
 •   Eaglais Naom Proinsias Xavier, Sráid Ghairdinéar 
Sé téama an staisíuin seo ról múinteoirí i saibhriú saol ár bpáistí

 


Uaireanta Oscailte na nEaglaisí: 9:30 r.n. go 7 i.n.

Téigh i dteagmháil linn

WMOF2018 Office

Holy Cross Diocesan Centre,

Clonliffe Road, Dublin 3, Ireland

Lean muid