Nótaí Cainte an Ardeaspaig Diarmuid Ó Máirtín ag Proiseas Lansála Chruinniú Domhanda na dTeaghlach

Posted On Deireadh Fómhair, 21 - 2016 Nótaí Cainte an Ardeaspaig Diarmuid Ó Máirtín ag Proiseas  Lansála Chruinniú Domhanda na dTeaghlach  Image

Macnaimh Thréadach ar Amoris Laetitia

Is doiciméad é Amoris Laetitia a dhíríonn ar réimse oll-leathan, éagsúil. Is toradh é ar phróiseas uathúil ar mhian leis an Pápa Proinsias é féin a bheith ann,  ina  raibh comhairliúcháin le daoine i ngach cearn den domhan i gceist  agus é curtha faoi bhráid na nEaspag ag dhá sheisiún den Sionad.

Séard atá in Amoris Laetitiaféin ná iarracht an Phápa Phroinsiais agus é ag tarraingt le chéile na príomhshnáithe den phróiseas seo agus á gcur os comhair na hEaglaise uilíoch. Tá tabhartas tairgthe dúinn ag an Phápa Proinsias – doiciméad atá suntasach, dúshlánach agus géarchúiseach. Tá sé de chúram orainne anois  socrú ar chonas is toil linne, an Eaglais in Éirinn, freagairt ar an tabhartas sin agus ar an dúshlán sin atá curtha os ár gcomhair ag an Phápa Proinsias. 

Is é mo chéad dóchas don imeacht seo ná go dtabharfaidh sibhse atá mar thoscairí teaghlaigh as gach ard in Éirinn  dúshlán Cinnirí na hEaglaise agus na struchtúir le bheith i ndáiríre faoi Amoris Laetitia agus teacht chun cinn le cuspóirí  praiticiúla d’athnuachan an Phósta agus an teaghlaigh inár nEaglais agus inár bPobal in Éirinn.

Is doiciméad ciclipéideach é agus, cosúil le gach doiciméad ciclipéideach, tá baol ann go ligfear i leataobh cuid mhaith de na hábhair thairbheacha atá ann trí dhaoine a bheith gafa ag gnéithe áirthe eile de. Leis an fhírinne a rá, thiocfadh le cás nos measa a bheith ann: gan dul i ngleic leis an doiciméad ar chor ar bith, nó gan ach béalghrá a thabhairt dó. Tá an Comhdhháil seo inniu barrthábhachtach le féachaint chuige nach dtarlóidh sé sin.

Bhí mé ag macnamh, cúpla tráthnóna ó shoin, faoi conas a labhróinn leis an chruinniú seo inniu, nuair a tháinig mé ar shuntaisí le déanaí ó Ardeaspag Chathair Quebec, i gCeanada, an Cairdinéal Gearóid Lacroix, a rinne comhcheol leis na nótaí a raibh mise ag macnamh orthu.

I dtosach báire, dúirt sé go raibh díomá air an méid sin aire ar Amoris Laetitia ó na meáin cumarsáide a bheith dírithe ar cheisteanna Chomaoineach Naofa dó lánúineacha dealaithe agus athphósta, agus ar hómaighnéasacht. “Tá brón orm,” ar seisean,” mar táimid ag cailleadh na gnéithe is áille den aitheasc muna ndéanaimid ach díriú ar na pointí sin.”

Chuirfinn le sin – agus seo pointe go bhféadfaí ligint tharainn má dhíríonn muid ar na ceisteanna sin ar bhealach  scoite:  Is é an-chuid cainte – ní hamháin ins na meáin cumarsaide ach óna lán Easpaig freisin – is cúis le nach dtuigeann daoine an tabhairt faoi chruthaíoch, thréadach inar mian leis an Phápa Proinsias go bpléfimis an dá cheist thabhachtach seo. Ní mór aire phráinneach, dhíograiseach, bháúil a thabhairt do na ceisteanna seo taobh istigh den Eaglais.  Corraíonn smaoineamh an Phápa Phroinsias i gcónaí taobh amuigh den “bhosca” traidisiúnta. Dlímid dó féachaint ar an tabhairt faoi thréadach atá ag an Phápa Phroinsias.

Seo fadhbh amháin: ní i gcónaí a bhí, nó a bhíonn, an Eaglais go maith ag cur a teagasc féin i láthair go héifeachtach. Is é an dúshlán atá ann, de réir macnamh an Chairdinéil Lacroix, go bhfuil stair agus traidisiún fada, teagasc iontach ag an Eaglais, ach inniu “ Sé an rud a chaitheas muid a dhéanamh ná bealach a fháil lenár mbráithre agus siúracha, na lánúnacha agus teaghlaigh óga a shroistint le go dtaga siad ar seo (an teagasc agus an traidisiún) mar slí beatha – go bhfuil an ghrá agus an phósadh ina shlí bheatha gur bealach chun fíorshonais iad”.

Is é bunús macnamh an Phápa Phroinsiais faoi Pósadh agus an Teaghlach ná coincheap na trócaire. Ní doiciméad é Amoris Laetitia atá gan conspóid. Cháin Easpaig agus Cairdinéil an doiciméad go poiblí nó rinne siad iarracht a gciall féin a bhaint as ar a leithéid de dhóigh is nár éirigh leo meabhair a bhaint as léargais an Phápa Phroinsiais. Tá eagla orthu go ndéanfaidh an bhéim ar an trócaire fógairt na fírinne a lagadh. Tráchtaire amháin, An tAthair Antonio Spadaro (Cumann Íosa), chuir sé síos ar an líon Easpag sa Sionad a bhí imníoch faoin bhéim ar an trócaire. Gur dhúirt siad go bhfuil sé níos riachtanaigh ar fad go dtiocfadh daoine arais chuig mothú peaca. Is cinnte go bhfuil fírinne ansin.

Ach cuireann sé le sin: “ Fogairt an tSoiscéil go bhfuair an Tiarna bás ar ar son, a fuair bás ar mo shon-sa – ní hé sin fógairt an pheaca. Is e fogairt an tSoiscéil fógairt na trócaire: faoi sholas trócaire maithiúnais anTiarna, tuigim mo pheaca, airím mo pheaca. Muna n-airítear Dia trócaireach ann, níl i mothú peaca ach mothú ciontachta, rud atá go minic gan mhaith.”

“Is é ainm Dé – Trócaire”. Sin teideal a thug an Pápa Proinsias ar leabhar le déanaí. Ní teideal tarraingteach  amháin é; tá rud éigin le rá aige faoi cad go bunúsach is Críostaí ann. Má tá deacracht againn ag tuiscint gur ainm Dé trócaire, nó má tá ainm dár gcuid féin againn ar Dhia, b’fhéidir go mba deireadh an scéil againn gur dia bréagach atá againn.

Is ansin a chaithfimid an cheist a chur: “Más ainm Dé trócaire, conas a chríochnaigh muid sa deireadh, go háirithe in Éirinn, le Dia cadránta cáinteach gur mian leis, de réir dealraimh, breithiúnas a thabhairt orainn in ár bpeacúlacht agus muid a náiriú?” Má chruthaigh muid a leithéid de Dhia, ansin tá míthuiscint orainn faoi Dhia agus faoin bpeaca araon. Ní faoi bhriseadh rialacha treallacha an Pheacúlacht: is faoi chliseadh sa ghrá agus cliseadh sa trócaire é.

Nuair a bhí mise sa Chliarscoil d’fhoghlaim muid a lán faoi pheacaí ghnéis. Labhraíonn Amoris Laetitia, thar aon rud eile, faoi shlite go fás spioradálta le cabhrú le lánúineacha agus le teaghlaigh fíorchomhall agus saoirse a fháil sa Soiscéal  agus i dteagasc shaibhir na hEaglaise faoin phósadh. 

Tá dúshlán eile romh an Eaglais in Éirinn. Le haimsir ró-fhada thosaíodh an Eaglais in Eirinn  ón phointe gur thuig bunús fear agus ban na hÉireann teagasc na hEaglaise faoi cad a bheadh i gceist le Pósadh agus gur ghlac siad le sin. Le himeacht aimsire agus leis an athrú a tháinig ar chultúir na hÉireann, tháinig laghdú ar an bhunús sin. Tá na gnéithe cultúra a théann i bhfeidhm ar na tíortha san iarthar chomh ghníomhach in Éirinn agus atá in áiteacha eile. Taispeánann na freagraí ar na comhairliúcháin a tháinig os comhair an tSionaid conas atá sé seo mar fhadhbh ní hamháin in Éirinn ach ach trasna an domhain. Tá claonadh againn gan bheith ar an eolas go maith cé chomh mór is atá tuismitheoirí agus leoga páistí  faoi thionchur an dí- eaglaisiú chultúir, ainneoin a mórchion ar a gcreideamh. Seans nach mbeadh siad ábalta theacht go furasta ar fhoclóir an Chreidimh leis an dearcadh ar an bheatha atá acu.

Seo ceist an lae inniu: conas is féidir linn loighic na trócaire a fhogairt i sochaí atá ag athrú nuair atá an chuma air go bhfuil éifeacht an chreidimh i nDia ag laghdú? B’fhéidir nach bhfuil an dí-eaglaisiú  doicheallach, b’fhéidir go bhfuil, ach nuair nach dtuigeann sé a thuilleadh go bhfuil Creideamh tábhachtach is ansin a bheidh ár bhfoclóir Creidimh  mar theanga iasachta ann ag a lán daoine. Dúirt an Pápa Benedict gurb é ár ndúshlán inniu: “labhairt faoi Dhia le daoine nach bhfuil fhios acu a thuilleadh cá bhfuil Sé le fáil.”

Is mian leis an Phápa Proinsias, ina mhódh thréadach, go dtéimis i ngleic leis na fadhbhanna go díreach. Ba mhaith liom an tAthair Spadaro a lua arís: “ Ní féidir léargas a thabhairt don réaltacht gan é a bheith cloiste agat.” Caithfimid éisteacht. Ní hé an cás go mba cheart dúinn cúlú isteach i gcultúir dúnta nó Isteach i zón compordach agus dul i bhfolach ann. 

Leanann an tAthair Spadaro ar aghaidh: “Níl an neach daonna mar rud atá taobh amuigh den Soiscéal. Ní teagasc teibí í an Soiscéal a bhuaileann daoine ón taobh amuigh, mar chloch. Caifear í a ionchollú i mbeathaí beo, i dtaithithe.”

Mar sin, feictear daoibh nach bhfuil a leithéid ann agus barrshamhail de theaghlach. Tá go leor fadhbhanna ann go gcaithfimid dul i ngleic leo. Ach ní hionann sin agus a rá go bhfuil muid ag tarraingt siar ó idéal a chur i láthair gur féidir le mná agus fir agus daoine óga é a bheith mar aidhm acu agus dóchas acu go gcuirfidh siad i gcrích é.

Tugann an an Cairdinéal Lacroix faoi deara nach n-iarrtar orainn teagasc na hEaglaise a mhaolú ná a laghdú ach go gcaithfimid bealach a aimsiú le suim ár mbráithre agus ár siúracha a spreagadh agus le cuidiú leo theacht isteach air. Déanaimid seo, adeir sé le treise, trí dhaoine a thionlacan, cuidiú leo cad atá soghonta ina saoil a aithint, cad atá deacair, cad nach bhfuil ar aon chéim lena bhfuil an Soiscéal ag iarraidh agus ansin cuireadh a thabhairt dóibh le dul chun cinn sa tuiscint ar, agus sa dílseacht don rud a iarann Íosa orthu. “Níl a dhath againn le brú oraibh ach rud éigin iontach le moladh daoibh,” a duirt sé.

Is é an rud sin atá le moladh againn ná gurb é Íosa an tSlí, an Fhírinne  agus an Bheatha. “Daoine a threorú chuig gaol pearsanta le Críost,” a deir an Cairdinéal, “ osclóidh sin amach iad go dtí an grásta seo agus go dtí an bheatha nua líonmhar seo. Sin an rud a chaithfimid a dhéanamh. Is ansin amháin a bheidh muid ábalta na ceisteanna go léir, idir fhorceadail, bith-eiticiúla agus morálta a roinnt leo.”  In ár gcaiticéis agus in ár seanmóireacht is ró-mhinic a thosaigh muid le cad is iarmhairtí an Chreidimh ann, leis na rialacha agus na caighdeáin, gan i dtosach na daoine a threorú chuig pearsan Íosa féin. Leoga, ba mhinic a thosaigh muid le cáineadh a dhéanamh ar an mhuintir a theip orthu, nuair is eol dúinn nach maireann éinne againn de réir iomláine an tSoiscéil ar an bpointe.

Is léir don Phápa Proinsias na deacrachtaí atá againn agus muid ag iarraidh teagasc Íosa a thuiscint i gcultúir an lae inniu. Deir sé: “Uaireanta mhol muid idéal diaga don phósadh a bhí thar a bheith teibí agus beagnach tacair, i bhfad ó na bhféidearthachtaí nithiúla praiticiúla a bhíonn i dteaghlaigh mar atá siad.” Admhaíonn sé: “Tá sé deacair orainn an Pósadh a thaispeáint níos mó mar shlí bríomhar chuig forbairt agus sásamh pearsanta ná mar ualach saoil. Tá sé deacair orainn freisin spás a thabhairt do choinsiasaí na fírein  ..... Glaodh orainn consiasaí a chothú, chan rud éigin a chur ina n-ionad.”

Ceann de na deacrachtaí is ea go mairimid i saol ina mheasaimid gach rud ina dhubh nó ina bhán. Ba dheas linn dá ndéarfadh an Pápa go simplí “Tá” nó “Níl”, “Sea” nó “Ní hea”  i gcás ábhar atá i bhfad níos casta ná gur mhaith linn admháil. Thig leis an domhan tuata a bheith chomh dubh agus bán céanna ag lorg freagraí Is atá lucht bunchreidmheachta ar dheis nó ar chlé san Eaglais. I dtéacs eile dúirt an Pápa Proinsias nach mbaineann “gan titim síos riamh” le moráltacht na Críostaíochta ach “i gcónaí ag éirí suas arís, a bhuíochas sin leis an lámh a fhaigheann greim orainn.”

Cad is féidir le Cruinniú Domhanda na dTeaghlach a dhéanamh le cuidiú linn ar ár mbealach? Braitheann sé ar conas is mian linn an Cruinniú a mheas. D’fhéadfadh sé a bheith ina iontas seacht lá, seachtain lán de scleondar agus gealra agus leoga an lúchair ó sheans casadh leis an Phápa. Ach ní cineal de seó bóthair spioradálta é Cruinniú Domhanda na dTeaghlach a bhíonn ag taistil ó chathair go cathair i gcónaí ag léiriú an taispeántas céanna.

Labhair an Pápa Proinsias liom faoi Chruinniú Domhanda na dTeaghlach – é a bheith mar thabhartas don Eaglais in Éirinn. Ba chóir go mbeadh sé mar bhuaicphhointe, ach buaicphointe taobh istigh de phróiseas:  próiseas go mba cheart dó cuidiú linn féachaint go neamhchlaonta ar na  heasnaimh inár n-obair thréadach do theaghlaigh. Is cuimhin libh an ráiteas: “Ní féidir linn bheith ar an eolas faoin fhírinne gan é a bheith cloiste againn ar dtús. Ach ní féidir linn bheith sásta le cloisteáil amháin: caithfidh muid léargas a thabhairt chomh maith. Ní ceart go mbeadh ár n-éisteacht  diúltach ann féin.

Ba mhaith liom labhairt faoi thuairim láidir atá agam: ná ligimis dúinn féin dul in aimhréidh ó bheith ag iarraidh sainmhíniú a thabhairt ar teaghlach. Is  fiúntas chomh tras-cultúir sin teaghlach nach féidir é a shainmhíniú go simplí.  Bíodh sé deacair teaghlach a shainmhíniú ach aithnímid go léir cad is teaghlach ann. Ní chóir dúinn bheith ag deifriú thart ag innse do dhaoine cad ba cheart dóibh a dhéanamh, gan bheith feasach faoin méid atá iontach, álainn agus cróga san iomad teaghlaigh Éireannacha.

Is faoi ghrá é an teaghlach, is cuma cé chomh neamhfhoirfe nó faillíoch é: is faoi ghrá é a shaibhríonn beathaí daonna. Tá mé ag smaoineamh ar ghrá lánúineacha,  grá thuismitheoirí dá bpáistí. Tá teaghlaigh iontacha againn ach ní smaointeoidis orthu féin mar iontach: níl siad ach ag déanamh a ndícheall. Cá mbeadh duine ar bith againn gan an grá agus an fhlaithiúlacht a fuair muid ónár dtuismitheoirí? Ní rud éigin seanaimseartha é sin: is rud é atá níos riachtanaí anois ná bhí ariamh. Agus muid ag toiseacht ar ullmhúchán do Chruinniú Domhanda na dTeaghlach, ba chóir dúinn a aithint an méid a dhlímid féin agus ár bpobal dár dteaghlaigh féin.

Dúirt an Pápa Proinsias liom go smaoiníonn sé ar Cruinniú Domhanda na dTeaghlach mar thabhartas don Eaglais in Éirinn. Ach ní hé a thuairim go bhfaighimid tabhartas le cur i gcás ghloine dúinn féin. Measann sé Cruinniú Domhanda na dTeaghlach mar thabhartas gur féidir leis an Eaglais in Éirinn a roinnt ansin le daoine eile.

Nuair a smaoiním ar na dhúshláin eagrúcháin a thagann go dtí mo dhoras le Cruinniú Domhanda na dTeaghlach bím ar crith. Ach nuair a bhím i láthair ag cruinniú mar seo – sea, bím ar crith go fóill! Ach tuigim freisin go nglacfaimid le chéile le tabhartas agus dúshlán seo an Phápa Phroinsias ar dhóigh is go mbeidh sé bródúil asainn.

Diarmuid Martin
Ardeaspag Átha Cliath
Uachtarán agus Óstach ar Chruinniú Domhanda na dTeaghlach 2018

CRÍOCH

Táimíd buíoch dár n-aistritheirí deonacha go léir a chabhraigh linn an leathanach seo a chur ar fáil i nGaeilge

Téigh i dteagmháil linn

WMOF2018 Office

Holy Cross Diocesan Centre,

Clonliffe Road, Dublin 3, Ireland

Lean muid