Lóistín

Fáilte go dtí an leathanach Cóiríochta do Chruinniú Domhanda na dTeaghlach 2018

An bhfuil tú ag lorg lóistín le haghaidh Cruinniú Domhanda na dTeaghlach 2018? Ar mhaith leat fanacht in óstán, in árasán nó b’fhéidir i gcampas ollscoile? Ar bh’fhearr leat fanacht i dteach teaghlaigh? Tá eolas thíos anseo chun cabhrú leat le do lóistín.  Beidh Baile Átha Cliath an-ghnóthach i rith Lúnasa 2018, mar sin molaimid duit lóistín a chur in áirithe go luath.

Roghanna Lóistín Teaghlaigh agus Oilithrigh:

A)    Óstáin, Árasáin Féinfhreastail agus Árasáin Campas ollsoile

Is féidir lenár bhFoireann Cláraithe agus Lóistín cabhrú leat chun lóistín a chur in áirithe agus d'áitigh an fhoireann áiteanna do thurasóirí i go leor óstán timpeall na cathrach.  Lean ar aghaidh ag léamh an leathanaigh seo le haghaidh tuilleadh eolais.  

B)   Ag fanacht i dteach in Éirinn:

•    Cónaí le teaghlach: Cuir lóistín in áirithe i dteach duine áitiúil más mian leat taithí bharántúil a bheith agat le cabhair ó do theaghlach óstach. Costais íseal, táillí i bhfeidhm. Bain úsáid as láithreán gréasáin homestay.com chun cóiríocht a chur in áirithe go díreach leo.
•    Airbnb: Tá tithe gearrthéarmacha agus seomraí príobháideacha ar léas nó ar cíos ar Aribnb ó úinéirí tí in Éirinn.  Táillí i bhfeidhm.  Bain úsáid as láithreán gréasáin airbnb.ie chun cóiríocht a chur in áirithe go díreach leo.
•    Clár Oilithrigh a Óstáil: Do bheagán daoine nach mbéadh cineálacha eile lóistín oiriúnach dóibh, tá Clár Oilithrigh Óstach ag WMOF2018 trénar féidir le teaghlaigh fanacht le teaghlaigh eile in Éirinn. Ní mór duit iarratas a dhéanamh le do bhreithniú don chlár seo trí ríomhphost a chur chuig hostingteam@worldmeeting2018.ie. Tá áiteanna teoranta. Táthar ag iarraidh ar theaghlaigh in Éirinn a dtithe a oscailt gan aon táille. Mar gheall ar méid ullmhór iarratais ó thíortha thar lear ag iarraidh lóistín, tá an scéim “Óstaigh  Oilithreach/Teaghlach” lán go hiomlán. Sháraigh an t-éileamh an méid atá an scéim ábalta a chur ar fáil. Tá aiféala orainn, mar sin, nach bhfuilimid ag glacadh lena thuilleadh iarratas lóistín ó oilithrigh.
Táimid anois ag obair lenár nÓst-Teaghlaigh ag ullmhú do na hoilithrigh agus na teaghlaigh atá ag smaoineamh ar theacht go dtí WMOF2018. Tá an- lúcháir orainn faoin méid daoine gur toil leo a gcuid tithe baile a thairiscint go hoscailte d’oilithrigh ar cuairt anseo. Táimid fós ag iarraidh óst-bhailte le cur i gcoinne na hiarrataisí atá againn. 

Please Note: demand for accommodation for WMOF2018 has been high. Some venues are now fully booked. Others have limited availability remaining. Check availability and book your accommodation here.

If you are a group or a family wishing to book accommodation, or if you require addition information and support, please contact our Registration and Accommodation Team directly.

Please follow us on Facebook and Twitter

LÓISTÍN
 

Seomra Singil
(an oiche)

Seomra dúbailte
(an oiche)

CAMPUS ACCOMMODATION    
DCU €79.00  €119.00 
DCU St. Patrick €55.00  
All Hallows €99.00  €139.00 
Maynooth €65.00  
     
 3 STAR    
Jurys Inn Christchurch €210.00 €230.00 
Jurys Inn Parnell €210.00 €230.00 
Hilton Garden Inn Custom House €215.00 €235.00
Maldron Hotel Tallaght €191.00 €203.00 
     
4 STAR    
Mespil €199.00  €213.00 
Croke Park Hotel €225.00 €245.00 
Gresham Hotel €195.00 €225.00
Grand Hotel Malahide €185.00 €225.00
Citywest Hotel €169.00 €199.00
     
5 STAR    
Intercontinental €325.00 €345.00 
Conrad €269.00 €289.00 
Radisson Blue St Helen's Hotel €250.00 €260.00
     

Cur Síos ar Lóistíní Éagsúla

LÓISTÍN CAMPAIS

DCU - Dublin City University, Glasnevin, Dublin 9

Rátáil: Lóistín Mac Léinn - Achar go dtí Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath (RDS):  9.6KM - Nasc go dtí Léarscáil: https://goo.gl/maps/mw5y3W3nxU92

Is é DCU, Glas Naíon an campas is mó de na trí phríomh-champas de chuid Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath a chuireann seomraí nua-aimseartha ar fáil i suíomh inrochtana i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath. Le linn do sheala ar champas Ghlas Naíon is féidir leat leas a bhaint as na háiseanna atá ar fáil ar an láthair ar nós na trí bhialann, beár ar an láthair, mion-ollmhargadh, cógaslann, Amharclann Helix agus áiseanna spóirt d’ardchaighdeán lena n-áirítear ár linn snámha agus giomnáisiam.  
Is luach ar airgead iontach maith iad Seomraí Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus is ar chomh chaighdeán iad le hóstáin trí réalta le linn duit tréimhse a chaitheamh i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath agus Lár Bhaile Átha Cliath. Tá na seomraí ar fad en suite agus iad nua-aoiseach agus inacmhainne araon agus tá áiseanna féinfhreastail ar fáil. Is féidir le cuid den mhaoin a roinnt in árasáin mhóra 5 sheomra codlata a d’oirfeadh do theaghlaigh/do ghrúpaí ar mhian leo leas a bhaint as spás maireachtála roinnte.
Tá an suíomh seo gar do Pháirc an Chrócaigh, ceann de phríomh-fhaichí spóirt na hÉireann.

DCU- St Patrick Campus

Rátáil: Cóiríocht do Mhicléinn – Achar go dtí Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath (RDS): 7.5KM 
Nasc le leárscáil: https //goo.gl/maps/mw5y3W3nxU92 

Is áit chónaithe do dhaoine aonair é cóiríocht Campas Naomh Pádraig, le leaba amháin, deasc staidéir, rochtain ar an idirlíon, seilfeanna leabhar, cófra agus báisín níocháin. Bíonn ar aíonna na háiseanna folctha a roinnt le haíonna eile ar a n-urlár. Tá seomra coitianta ag gach teach le saoráid teilifíse agus cistine. Níl aon ardaitheoirí nó seomraí rochtana le bealach isteach do dhaoine faoi mhíchumas sna bloic seo. Tá WiFi ar fáil amháin sna seomraí coitianta atá suite ar urlár na talún. Tá naisc wired feistithe i ngach seomra leaba. Tabhair faoi deara nach féidir leapacha breise a chur ar fáil sna seomraí seo. Tá an suíomh seo gar do Pháirc an Chrócaigh, ceann de na príomh pháirceanna imeartha in Éirinn. €50 an seomra do oíche amháin.

All Hallows

Rátáil: Lóistín Mac Léinn - Achar go dtí Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath (RDS): 7.5KM
Nasc go dtí Léarscáil: https://goo.gl/maps/iLwt5NRhV362

Tá Campas na Naomh Uile ar cheann de na campais atá ceangailte le hOllscoil Chathair Bhaile Átha Cliath a sholáthraíonn seomraí nua-aimseartha i dtimpeallacht álainn i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath. Le linn míonna an tsamhraidh soláthraítear lóistín d’ardchaighdeán do thurasóirí agus do chuairteoirí ar mhian leo leas a bhaint as lóistín compordach mar rogha inacmhainne dóibh siúd ar mhian leo fanacht i láthair lárnach i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath. Mar chuairteoir ar an gcampas féadfaidh tú stair na háite a rianú sa Taispeántas Oidhreachta nua agus do scíth a ligean sa Ghairdín Machnamhach dá chuid taobh le Séipéal na Naomh Uile ar sainchomhartha tíre riamh é sa cheantar áitiúil. Tá an suíomh seo gar do Pháirc an Chrócaigh, ceann de phríomh-fhaichí spóirt na hÉireann.

Maynooth University - Ollscoil Mhá Nuad

Rátáil: Lóistín Mac Léinn - Achar go dtí Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath (RDS): 43.5KM
Nasc go dtí Léarscáil: https://goo.gl/maps/ZPdQxbKanVs

I mbliain a 1795 a tógadh campas stairiúil Mhá Nuad agus is ann atá Coláiste Phádraig agus Ollscoil Mhá Nuad. Tá cóiríocht aíonna ar fáil i saghsanna éagsúla seomraí, idir árasáin mac léinn agus sheomraí en suite dea-chóirithe ina bhfoirgnimh oidhreachta. Ó bhliain a 1992, tá Comhdháil & Cóiríocht Champas Mhá Nuad ag fearadh fíorchaoin fáilte roimh gach grúpa, is cuma cén méid é, roimh ócáidí móra spóirt agus cultúir, roimh scoileanna samhraidh agus comhdhálacha, agus roimh thurasóirí ó Éirinn agus thar lear. Ar champas na hollscoile, gheobhaidh tú seirbhísí nua-aimseartha ar láthair a bhfuil traidisiún saibhir ar a cúl agus a bhfuil foirgnimh dhearscnaitheacha agus fearann álainn ina mbarr maise uirthi. I dteannta a seomraí aíonna, beidh dhá sheomra breátha bia mar aon le raidhse roghanna spóirt agus fóillíochta ar do dheis agat.

3 STAR HOTELS

Jurys Inn Christchurch, Christchurch Place, Dublin 8 

182 Sheomra - Rátáil: 3 Réalta - Achar go dtí Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath (RDS):  4.1KM
Nasc go dtí Léarscáil: https://goo.gl/maps/nioE1b9zuvv

Is foirgneamh nua-aimseartha é Ósta Jurys Theampall Chríost atá suite sa cheantar is sine i mBaile Átha Cliath, os comhair Ardeaglais stairiúil Theampall Chríost. Faightear 182 seomra fhairsinge chompordacha san óstán agus tá áiseanna bialainne agus beáir ann. Tá wifi saor in aisce ar fáil ar fuaid an óstáin. Ciallaíonn an suíomh foirfe atá ag an óstán  seo nach bhfuil ach siúlóid dheas le déanamh chun rochtain a fháil ar limistéar Bharra an Teampaill, Ard-Eaglais Phádraig, Coláiste na Tríonóide agus Sráid Grafton. 
 

Jurys Inn Parnell, Moore Street Plaza, Parnell Street, Dublin 1

253 Sheomra - Rátáil: 3 Réalta
Achar go dtí Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath (RDS):  4.7KM
Nasc go dtí Léarscáil: https://goo.gl/maps/WLB1qV2TYj72

Is óstán comhaimseartha é Ósta Jurys Parnell a bhfuil suíomh lárnach aige nach bhfuil ach nóiméad amháin ó Shráid Uí Chonaill agus siúlóid ghearr ó Shráid an Mhúraigh ~ margadh sráide cáiliúil Bhaile Átha Cliath. Tugann an suíomh lárnach cathrach atá aige deis iontach d’aíonna turas a dhéanamh ar phríomhcheantair siopadóireachta agus ar phríomh-ionaid chultúrtha na cathrach. Tá 253 seomra fhairsinge ann, lena n-áirítear Bialann, Teach Tábhairne agus caifé. Tá wifi saor in aisce ar fáil ar fuaid an óstáin. 
 

Hilton Garden Inn Custom House, 1 Custom House Quay, North Dock, Dublin

Rátail: 3 Réalta 
Achar go dtí Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath (RDS): 3.2KM 
Nasc go dtí Léarscáil: https://goo.gl/maps/W99t3f3QJbp

The Hilton Garden Inn Dublin Custom House is a contemporary city centre hotel, situated on Custom House Quay, overlooking the celebrated river Liffey. Local attractions include the 18th century Customs House building, the O2 Concert venue and the Abbey and Grand Canal Theatres. Close to the International Financial centre tram stop, it is also within easy walking distance of all of the city's main shopping districts and cultural attractions. The hotel offers 239 spacious comfortable rooms and features a contemporary Restaurant, a stylish bar and a separate coffee bar. Free Wi-Fi is available throughout the hotel.

Maldron Hotel Tallaght, Whitestown Way, Tallaght, Dublin 24

119 Seomra - Rátáil: 3 Réalta
Achar go dtí Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath (RDS):  14.2KM
Nasc go dtí Léarscáil: https://goo.gl/maps/EYqxiGrCnTG2

Is óstán comhaimseartha é Óstán Maldron Thamhlachta atá suite 30 nóiméad ó Aerfort Bhaile Átha Cliath agus turas 20 nóiméad sa charr ó lár na cathrach Bhaile Átha Cliath. Tá 120 seomra dea-réitithe d’aíonna ar fáil ann agus in an-chuid díobh tá radhairc den scoth de Shléibhte Bhaile Átha Cliath. Tá bialann le stíl nua aimseartha agus beár san óstán. Is féidir le haíonna úsáid iomlán a bhaint as ionad Fóillíochta Arena a bhfuil linn snámha 20 m, sauna, seomra gaile, Jacuzzi, linn do pháistí agus giomnáisiam atá feistithe go hiomlán ann. Tá páirceáil shábháilte shaor in aisce ar fáil freisin. Is óstán foirfe é d’aíonna gnó agus fóillíochta araon le rochtain go dtí lár na cathrach ann freisin ó stad tram Luas atá 5 nóiméad ar shiúl ón óstán.

4 STAR HOTELS

Mespil Hotel, Mespil Road, Dublin 4

255 Sheomra - Rátáil: 4 Réalta
Achar go dtí Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath (RDS): 3.0KM
Nasc go dtí Léarscáil: https://goo.gl/maps/9Tyj1dPUR3D2

Suite i gcroílár Bhaile Átha Cliath Seoirseach, ar aghaidh bhruacha duilleacha na Canálach Móire, is óstán nua-aoiseach 4 réalta é Óstán Mespil. Gar d’airéine Chumann Ríoga Bhaile Átha Cliath agus do Staid Aviva, níl ach siúlóid ghearr le déanamh agat chun Faiche Stiabhna agus lár na cathrach Bhaile Átha Cliath a bhaint amach. Tá radhairc ar an gcanáil agus ar an dtimpeallacht Sheoirseach máguaird ag neart de na seomraí codlata agus tá líon árasán ar fáil d’aíonna ar mhian leo cuairteanna níos faide a dhéanamh. Tá líon de roghanna béilí ag aíonna sa bhialann agus i mbeár an Ardáin. Tá dhá sheomra cruinnithe ag an óstán a dhéanann freastal ar ghrúpaí de 22 dhuine. In 2013 cuireadh giomnáisiam leis an óstán a bhfuil dhá sheomra aclaíochta ann agus a chuireann éagsúlacht de threalamh cairdiach agus friotaíochta mar aon le seomra cothromaithe agus sínte ar fáil.

Croke Park Hotel, Jones's Road, Dublin 3 

232 Seomra - Rátáil: 4 Réalta
Achar go dtí Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath (RDS): 6.7KM
Nasc go dtí Léarscáil: https://goo.gl/maps/vDwPTupLpHw

Tá óstán Pháirc an Chrócaigh suite ar Bhóthar Mhic Sheoin gar do Staid clúiteach Pháirc an Chrócaigh, cliabhán spórt Gaelach náisiúnta na hÉireann. Suite go foirfe 10 nóiméad sa charr ó Aerfort Bhaile Átha Cliath níl sé ach siúlóid ghearr ar shiúl ó phríomhshráid lár na cathrach, Sráid Uí Chonaill. Le 232 sheomra fhairsinge, aerchóirithe, fuaiminslithe ann, is láthair den scoth é d’aíonna gnó nó fóillíochta araon agus tá bistró agus beár mealltach ann freisin i dteannta an ghiomnáisiam dá chuid a bhfuil feistiú iomlán nua-aoiseach ann.

Riu Plaza The Gresham Dublin, 23 Upper O’Connell Street, Dublin 1 

288 Seomra - Rátáil: 4 Réalta
Achar go dtí Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath (RDS): 4.4 KM
Nasc go dtí Léarscáil: https://goo.gl/maps/TLyNDZvXoLB2

Is foirgneamh sainchomhartha tíre é Riu Plaza An Gresham Baile Átha Cliath i gcroílár chathair Bhaile Átha Cliath agus is ceann de na hóstáin is sine sa chathair é, a tógadh in 1817. Tá suíomh lárnach ag an óstán ar Shráid Uí Chonaill in aice le ceann de phríomh-limistéir siopadóireachta na príomhchathrach, agus gar do Staid Pháirc an Chrócaigh, Teampall an Bharra, Amharclann na Mainistreach agus an tIonad Comhdhála Nua. Tá athchóiriú cuimsitheach déanta ar an óstán le blianta beaga anuas agus sa lá atá inniu ann tá 288 seomra d’aíonna le stíl comhaimseartha ar fáil ann. Tá dhá bhialann ann, ina bhféadfadh aíonna a scíth a ligean le tae beag i décor clasaiceach Tholglann na Scríbhneoirí, nó i mbeár Toddy's, áit is ansa le haíonna tí agus leis an bpobal áitiúil araon. Is féidir le haíonna leas a bhaint as an stiúideo inmheánach aclaíochta freisin. 

Grand Hotel Malahide, Malahide Village, Co Dublin  

150 Seomra - Rátáil: 4 Réalta
Achar go dtí Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath (RDS):  21.4KM
Nasc go dtí Léarscáil: https://goo.gl/maps/2xTaVEm4mrk

Is óstán traidisiúnta é Óstán Mór Mhullach Íde atá suite i Mullach Íde baile uathúil cois farraige i bhfo-bhaile Bhaile Átha Cliath. Is turas sa charr 15 nóiméad uaidh go dtí Aerfort Bhaile Átha Cliath agus 5 nóiméad go dtí mótarbhealach an M50. Tá seirbhísí DART (iarnród comaitéireachta), iarnróid, agus seirbhísí rialta bus poiblí go dtí cathair Bhaile Átha Cliath, aistear tuairim is 30 nóiméad. Is rogha den scoth an t-óstán seo do chuairteoirí ar mhian leo taitneamh a bhaint as na suíomhanna do chuairteoirí i gCathair Bhaile Átha Cliath áiseanna agus suaimhneas baile bhig cois farraige. Tá 150 seomra codlata agus áiseanna cuimsitheacha, lena n-áirítear ionad fóillíochta, saoráidí comhdhála, beár agus bialann san óstán. 

Citywest Hotel, Conference, Leisure and Golf Resort, Saggart, Co. Dublin 

764 Seomra - Rátáil: 4 Réalta 
Achar go dtí Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath (RDS): 17.1KM 
Nasc go dtí Léarscáil: https://goo.gl/maps/hwuJ3MvNjtk  

Situated on 380 acres of majestic parkland, the Citywest Hotel, Conference, Leisure and Golf Resort is a truly unique property and is located 40 minutes from both Dublin city and Dublin International Airport. Combining the old world charm of a country house hotel, with state-of-the-art conference and event facilities, the Citywest Hotel offers guests 774 guestrooms. Featuring dining options in the Hiberian Bistro and Pavillion Lounge, guests can also relax in the Swift bar. Traditional in style the hotel is built on its own grounds and is encircled by two superb Christy O’Connor Jnr designed golf courses. All hotel guests can avail of complimentary access to Citywest Health and Leisure Centre which includes a 20m pool, gymnasium, sauna,  jacuzzi and exercise room. The adjacent Citywest International Events and Convention Centre has a capacity for over 4100 guests.  

5 STAR HOTELS

Intercontinental Dublin, Simmonscourt Road, Ballsbridge, Dublin 4

197 Seomra - Rátáil: 5 Réalta 
Achar go dtí Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath (RDS): 1.0 KM
Nasc go dtí Léarscáil: https://goo.gl/maps/eKtZrKqeacG2
Is é Idir Ilchríocha Bhaile Átha Cliath, an t-óstán is deise 5 réalta sa chathair, soiprithe ar dhá acra de ghairdíní atá leagtha amach go hálainn i nDroichead na Dothra, a bhfuil 197 seomra codlata agus svuít d’aíonna shócúlacha dhea-réitithe ann, agus atá aitheanta go forleathan ar an óstán is fairsinge sa chathair. Tá cáil air mar shuíomh na gcruinnithe gnó, na n-imeachtaí agus na n-ócáidí ceiliúrtha is céimiúla sa chathair, is é an rogha fhoirfe Idir Ilchríocha Bhaile Átha Cliath le níos mó ná 1,500 méadar cearnach de spás le haghaidh imeachtaí ann.

Is ceann scríbe itheacháin atá ar fáil ar fud an lae é Idir Ilchríocha Bhaile Átha Cliath le hatmaisféar compordach agus galánta ó bhricfeastaí go moch ar maidin go dtí rogha manglaim mall san oíche; bíonn rud nua agus blasta i gcónaí ann le do do mhealladh. Is tearmann galánta uirbeach é an Spá ag Idir Ilchríocha Bhaile Átha Cliath le cúram cnis atá múnlaithe ar na torthaí fiúntacha a fhaightear ann agus le sceidil a dheartar le dul in oiriúint le riachtanais cách. Tá Linn Snámha, Sauna, Guairneán agus ceithre sheomra cóireála ann, le háiseanna den chineál is úire agus foireann shaineolach de theiripeoirí, úsáideann an spá sómhar táirgí ón réimse sócúlach ESPA Spa. 

Conrad Dublin, Earlsfort Terrace, Dublin 2

191 Seomra - Rátáil: 5 Réalta
Achar go dtí Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath (RDS):3.1 KM
Nasc go dtí Léarscáil: https://goo.gl/maps/STekypwPP9H2
Is óstán fíorghalánta é Conrad Bhaile Átha Cliath i gcroílár na cathrach. Suite i gcroílár Bhaile Átha Cliath, tá aíonna an óstáin seo gar do Shráid Grafton agus Teampall an Bharra araon, na háiteanna is fearr le dul i dtaithí ar shiopaí agus ar bheáir uathúla Bhaile Átha Cliath faoi seach. Tá 191 sheomra agus svuít galánta ann, tá na seomraí geala fairsinge maisithe i ndathanna éadroma nua-aimseartha a bhfuil teilifís, gléas ard-dílseachta agus deasc oibre iontu. Faightear róbaí folctha agus slipéir sna seomraí folctha áille. Tá an t-óstán bródúil as an gcáilíocht is airde a thairiscint dá aíonna i ndáil le háiseanna agus saoráidí sócúlacha.  Tá ionad aclaíochta an óstáin feistithe go hiomlán le meaisíní cardashoithíocha agus meáchain agus is le leas eisiach aíonna an óstáin amháin atá sé. Tá rogha itheacháin ar fáil san óstán sócúlach seo freisin. Bain taitneamh as cócaireacht chomhaimseartha shéasúrach sa Bhialann dá chuid, a bhfuil rogha béilí ar fáil ann ó ghnáth-bhia go dtí an béile nuálach, i dtimpeallacht theolaí nua-aimseartha. Tá 
deis itheacháin níos réchúisí ar fáil i mBeár agus Gríosclann Alfie, ar aghaidh an Cheolárais Náisiúnta, i suíomh atá geal agus aigeanta. Le nóiméad scíth a ligean i lár bhroid na cathrach, faigh deoch i mBeár Manglaim Alex. Le deochanna manglaim fuaraithe mar speisialtacht ann, is iontach maith an beár seo le haghaidh deochanna réamh-dhinnéir, ócáidí sóisialta nó sólaistí éadroma. Gheobhaidh tú béilí réchúiseacha sa bheár téama seo a bhfuil atmaisféar iontach maith ann. 

Árasán En-suite
Tá seomraí en-suite ar fáil in dhá cheann de shráidbhailte na mac léinn, mar atá, Árasáin na hAbhann agus Árasáin an Chlóis. Is gnách go mbíonn saoráidí en-suite ar fáil in árasáin 5 leaba ach gheobhaidh tú i gcuid d’árasáin 4 leaba agus 6 leaba leis iad. Tá cistin lánfheistithe ar fáil i ngach árasán mar aon le bord iteacháin agus seomra suite. Ar an gcampas thuaidh atá siad sin.

Sráidbhaile na hOllscoile
Seomraí caighdeánacha in árasáin 5 leaba i Sráidbhaile na hOllscoile a bhfuil 48 gcinn d’árasáin ann. Dhá chithfholacadán agus dhá leithreas i ngach aon árasán. Tá cistin lánfheistithe, bord iteacháin agus seomra suite i ngach árasán. Ar an gcampas thuaidh atá siad sin.

 Radisson Blu St. Helen's Hotel, Stillorgan Road, Co. Dublin

151 Seomra - Rátáil: 5 Réalta
Achar go dtí Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath (RDS): 3.6 KM
Nasc go dtí Léarscáil: https://goo.gl/maps/mGA67A2ep4C2

Suite i gceithre acra de ghairdíní maorga foirmiúla, is óstán nua-aoiseach é Radisson Blu Ostán San Eiléan, 5km ó lár chathair Bhaile Átha Cliath é. Tá Halla San Eiléan ina chuid den óstán, ar teach mór stairiúil é ón 18ú haois a bhfuil athchóiriú agus fairsingiú cuimsitheach déanta air le go ndéanfaí maoin 5 réalta de. Tá 151 sheomra shócúlacha d’aíonna ann lena n-áirítear 25 svuít, dhá bhialann agus Beár Orangerie atá suite i ngrianán uathúil Victeoiriach. Tá 11 svuít atá tiomnaithe do chruinnithe agus d’imeachtaí, a bhféadfaí freastal a dhéanamh ar suas go dtí 350 toscaire. Féadfaidh aíonna leas saor in aisce a bhaint as svuít aclaíochta a bhfuil lán-fheistiú aige agus atá suite i dtailte stairiúla eastát San Eiléan. Tá radhairc fhairsinge de ghairdíní an óstáin le fáil i ngach seomra den óstán, agus cibé acu de Chuan Bhaile Átha Cliath nó de Shléibhte Chill Mhantáin. Is siúlóid trí nóiméad ón óstán í go dtí an stad is neasa Aircoach. Féadfaidh aíonna de chuid an óstáin siúl gan dua go dtí Coláiste Ollscoile, Bhaile Átha Cliath agus go dtí roinnt príomh-shuíomhanna eile Bhaile Átha Cliath a bhfuil an tóir orthu ar nós Ráschúrsa Bhaile na Lobhar, Ionad Baile Dhún Droma agus Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath, nach bhfuil ach nóiméid ar shiúl ón óstán

Interesting Links:

 

Roinnt Brúnna i mBaile Átha Cliath

Táimíd buíoch dár n-aistritheirí deonacha go léir a chabhraigh linn an leathanach seo a chur ar fáil i nGaeilge

Téigh i dteagmháil linn

WMOF2018 Office

Holy Cross Diocesan Centre,

Clonliffe Road, Dublin 3, Ireland

Lean muid