Tá Éire roghnaithe ag an bPápa Proinsias le Cruinniú Domhanda na dTeaghlach 2018 a óstáil ón 21ú go dtí an 26ú Lúnasa 2018.
Mar chuid den Chomhdháil trí lá san RDS, ón 21ú go dtí an 24ú Lúnasa beidh spás taispeántais againn. I rith an 50ú Comhdháil Idirnáisiúnta Eocairisteach i 2012, le idir 11,000 agus 16,500 duine ag freastal gach lá bhí tóir mhór ar an spás taispeántais mar áit le cruinniú agus le bualadh le taispeántóirí agus oilithrigh eile.
Grianghraf le: Des McMahon
Tá spás taispeántais, cuid tábhachtach de chlár laethiúil Chruinniú Domhanda na dTeaghlach 2018, á phleanáil. Cuirfear sonraí áirithinte ar fáil go luath. Chun eolas a fháil ar conas spás taispeantais a chur in áirithe, seol ríomhphost chuig exhibition@worldmeeting2018.ie agus cuir ainm an:
- Chomhluchta/Eagraíochta
- ainm teagmhála
- uimhir gutháin
- seoladh ríomhphoist
- agus suíomh
- idirlín sa teachtaireacht.
Béidh deis freisin fógraíóocht a dhéanamh ins na foilsiúícháin a chuirfear ar fáil do oilithrigh a bhéas ag freastal ar an imeacht. Má tá suim agat i bhfógraíócht cuir ríomhphost chuig marketing@worldmeeting2018.ie, le sonraí teagmhála an duine i do eagraíocht ar féidir linn dul i gcomhairle leis.
Tá súil againn go smaoineoidh tú ar bheith páirteach in ócáid iontach agus stairiúil i nÉirinn tré bheith páirteach i gCruinniú Domhanda na dTeaghlach 2018. Más féidir linn cuidiú leat le heolas ar bith eile cuir scéala chugainn.
Cláraigh dár nuachtlitir míosúil le bheith ar an eolas fán scéala is deireannaí ó Chruinniú Domhanda na dTeaghlach 2018.
Táimíd buíoch dár n-aistritheirí deonacha go léir a chabhraigh linn an leathanach seo a chur ar fáil i nGaeilge