Paidir CDnadT, 2018
A Dhia, ár nAthair,
in Íosa do Mhac is bráithre agus siúracha sinn,
Teaghlach amháin, i Spiorad do ghrá.
Beannaigh sinn le lúcháir an ghrá.
Déan foighneach agus cineálta sinn,
séimh agus fial, fáilteach rompu siúd ar an ngannchuid.
Cabhraigh linn maireachtáil i maithiúnas agus i síocháin.
Tabhair aire do na teaghlaigh uile le do chúram geanúil,
Go háirithe dóibh siúd a nguímid orthu anois:
[Cuimhnímid ar bhaill dár dteaghlaigh agus ar dhaoine eile ina n-ainm].
Méadaigh ár gcreideamh, neartaigh ár ndóchas,
Coinnigh slán sinn i do ghrá,
Déan buíoch i gcónaí sinn as tabhartas na beatha a bhfuilimid páirteach ann.
Iarraimid é seo, trí Chríost ár dTiarna. Amen
A Mhuire, máthair agus treoraí, guigh orainn.
A Naomh Iósaf, athair agus cosantóir, guigh orainn.
A Naomh Joachim agus a Naomh Áine, guígí orainn.
A Naomh Louis agus a Naomh Zélie Martin, guígí orainn.
Tá an Phaidir Oifigiúil do Chruinniú Domhanda na dTeaghlach2018 le fáil freisin ins na teangacha seo leanas:
Béarla - Gaeilge – Fraincis – Spáinnis
Iodáilis – Catalóinis – Sínis – Seicis
Cróitis – Ollainis – Gearmáinis
Portaingéilis – Polainnis – Slóvaicis
Tamailis – Malayam
Táimíd buíoch dár n-aistritheirí deonacha go léir a chabhraigh linn an leathanach seo a chur ar fáil i nGaeilge