Leathanach Ticéid agus Cláraithe

Fáilte chuig an leathanach Ticéid agus Cláraithe do Chruinniú Domhanda na dTeaghlach 2018

Tickets and RegistrationGrianghraf le: Des McMahon

Ní mór ticéad/clárú chun freastal ar ócáidí le linn Cruinniú Domhanda na dTeaghlach 2018. Beidh cuid de na himeachtaí saor is aisce; gearrfar táille ar chuid eile.  

Saghsanna Cláraithe/Ticéad:

Tá na ticéid/cláraithe seo a leanas ar fáil: 

  • Clárú Duine Fásta Aonair
  • Clárú na Cléire
  • Clárú Grúpa Teaghlaigh ( roinnt Duine Fásta, roinnt Leanaí, beag beann ar an líon)
  • Clárú Grúpa (Paróiste/Deoise, Eagraíocht)

Cuir ticéid in áirithe:

Lóistín:

Beidh rogha leathan lóistín ar fáil ar fud Bhaile Átha Cliath do theaghlaigh, grúpaí agus daoine aonair a thiocfaidh chuig  Cruinniú Domhanda na dTeaghlach 2018.   Féadfar lóistín a chur in áirithe leis an gclárú agus déanfar é sin ar an bhfoirm chéanna ar suíomh idirlín an WMOF2018.  Mar Chóiríocht beidh óstáin 3*, 4*, 5*, árasáin idir fhéinfhreastail agus campas ollscoile, rátaí oiriúnach do chách agus iad gar go leor do láithreacha na n-ócáidí.

Níl costas an lóistín istigh leis an dtáille cláraithe.   Moltar áirithint a dhéanamh go luath mar beidh an chathair thar a bheith gnóthach.  Léigh tuilleadh faoi lóistín anseo.

Breis eolas agus tacaíochta:

San oifig ticéid agus cláraithe WMOF2018 cahbrófar le hoilithrigh trí eolas a thabhairt agus tacú leo i dteangacha éagsúla.  Cuirfear lóistín, turais agus taisteal in Éirinn in áirithe dóibh siúd a thiocfaidh chuig  Cruinniú Domhanda na dTeaghlach agus ar mhaith leo fanacht tamall eile anseo in Éirinn.  

Cuir Cruinniú Domhanda na dTeaghlach i do dhialann agus cuir chuige chun a bheith linn i mBaile Átha Cliath, Éire ó 21 go 26 Lúnasa 2018.  Tar leat féin, mar ghrúpa nó beir leat an teaghlach! 

Cláraigh dár nuachtlitir agus gheobhaidh tú na scéalta is déanaí faoi Chruinniú Domhanda na dTeaghlach 2018 trí r-phost. 

 

Táimíd buíoch dár n-aistritheirí deonacha go léir a chabhraigh linn an leathanach seo a chur ar fáil i nGaeilge

Téigh i dteagmháil linn

WMOF2018 Office

Holy Cross Diocesan Centre,

Clonliffe Road, Dublin 3, Ireland

Tel.: +353 1 567 6800

Email: info@worldmeeting2018.ie

Lean muid