Ticéid do Fhéile na dTeaghlach 25ú Lúnasa
Is imeacht saor in aisce é Féile na dTeaghlach ach caithfidh gach duine fásta agus páiste ticéad a fháil le freastal air. Béidh líon na dticéad teoranta de réir méid an ionaid.
Teacht ar thicéid do Fhéile na dTeaghlach nuair atá tú ag clárú don Chomhdháil
Béidh teacht den chéad leibhéal ar thicéid ag daoine a bhéas ag freastal ar an Chomhdháil trí lá a bhéas ar siúl ón 22ú go dtí an 26ú Lúnasa 2018. Tré chlárú trí lá den Chomhdháil WMOF2018 a chur in áirithe béidh deis agat ticéad saor in aisce do Fhéile na dTeaghlach agus don Aifreann Deiridh a chur in áirithe nuair atá tú ag clárú don Chomhdháil. Ag brath ar thicéid a bheith ar fáil ag an am béidh deis agat ticéid do Fhéile na dTeaghlach agus don Aifreann deiridh a fháil nuair atá tú ag cur ticéad aon-lae in áírithe.
Cliceáíl anseo le clárú don Chomhdháíl agus ticéid a fháil do Fhéile na dTeaghlach, ag brath ar thicéid bheith ar fáil
Tré Ghréasáin na nDeoisí
Ag brath ar thicéid a bheith ar fáil cuirfear líon teoranta de thicéid do Fhéile na dTeaghlach, Dé Sathairn 25ú Lúnasa agus don Aifreann, Dé Domhnaigh 26ú Lúnasa, ar fáil tré ghréasáin na nDeoisí.
Fógrófar eolas ar thicéid a chur in áirithe do Fhéile na dTeaghlach níos goire do dháta na Féile.