3) Féile na dTeaghlach

Féile na dTeaghlach (25 Lúnasa 2018)Festival of Families in Philadelphia - Credit Archdiocese of Philadelphia

Grianghraf le: Archdiocese of Philadelphia

Ar cheann de na himeachtaí is suntasaí agus is áille de gach Cruinniú Domhanda na dTeaghlach tá Féile na dTeaghlach.  Reachtáilfear an imeacht seo i bhfoirm coirm cheoil in ionad mór i mBaile Átha Cliath sa trathnóna ar an 25ú Lúnasa 2018.  Is ceiliúradh de shaol an teaghlaigh timpeall an domhain é ina mbéidh léirithe ceoil agus rince, chomh maith le cúíg theaghlach roghnaithe ó ar fud an domhain ag tabhairt fianaise de chreideamh a dteaghlach.

Cuirfear tuilleadh eolais ar fáil anseo de réir mar a dheimhneofar na hionaid, an clár agus na taibheoirí.

Ticéid do Fhéile na dTeaghlach

Is imeacht saor in aisce é Féile na dTeaghlach ach caithfidh gach duine ticéad a fháil le freastal air.  Béidh líon na dticéad teoranta de réir méid an ionaid.

Conas is féidir liom ticéid a fháil do Fhéile na dTeaghlach? 

Béidh teacht den chéad leibhéal ar thicéid ag daoine a bhéas  ag freastal ar an Chomhdháil trí lá a bhéas ar siúl ón 22ú go dtí an 26ú Lúnasa 2018.  Tré chlárú trí lá den Chomhdháil WMOF2018 a chur in áirithe béidh deis agat ticéad saor in aisce do Fhéile na dTeaghlach agus don Aifreann Deiridh a chur in áirithe nuair atá tú ag clárú don Chomhdháil.  Ag brath ar thicéid a bheith ar fáil ag an am béidh deis agat ticéid do Fhéile na dTeaghlach agus don Aifreann deiridh a fháil nuair atá tú ag cur ticéad aon-lae in áírithe.

Fógrófar eolas ar roghanna eile le ticéid do Fhéile na dTeaghlach a fháil níos goire do dháta na Féile.

Le tuilleadh eolais a fháil faoin imeacht seo agus imeachtaí eile téigh go dtí ár roinn Ticéad agus Cláraithe.
 

Táimíd buíoch dár n-aistritheirí deonacha go léir a chabhraigh linn an leathanach seo a chur ar fáil i nGaeilge

 

Téigh i dteagmháil linn

WMOF2018 Office

Holy Cross Diocesan Centre,

Clonliffe Road, Dublin 3, Ireland

Tel.: +353 1 567 6800

Email: info@worldmeeting2018.ie

Lean muid