Lóistín

Fáilte go dtí an leathanach Cóiríocht do Cruinniú Domhanda na dTeaghlach 2018

Beidh rogha leathan lóistín ar fáil ar fud Bhaile Átha Cliath do theaghlaigh, grúpaí agus daoine aonair a thiocfaidh chuig Cruinniú Domhanda na dTeaghlach 2018. Féadfar lóistín a chur in áirithe leis an gclárú agus déanfar é sin ar an bhfoirm chéanna ar suíomh idirlín an WMOF2018. Mar Chóiríocht beidh óstáin 3*, 4*, 5*, árasáin idir fhéinfhreastail agus campas ollscoile, rátaí oiriúnach do chách agus iad gar go leor do láithreacha na n-ócáidí.

TNíl costas an lóistín istigh leis an dtáille cláraithe.  Moltar áirithint a dhéanamh go luath mar beidh an chathair thar a bheith gnóthach.

Más ball de ghrúpa nó de theaghlach thú atá ag iarraidh lóistín a chur in áirithe nó má tá breis eolais uait dein teagmháil lenár bhFoireann Cláraithe agus Lóistín

LÓISTÍN
 

Seomra Singil
(an oche)

Seomra dúbailte
(an oche)

 3 STAR    
Jurys Inn Christchurch €210.00 €230.00 
Jurys Inn Parnell €210.00 €230.00 
Maldron Hotel Tallaght €191.00 €203.00 
Maldron Hotel Newlands Cross €181.00 €193.00 
     
4 STAR    
Mespil €199.00  €213.00 
Croke Park Hotel €225.00 €245.00 
Clarence Hotel €245.00 €260.00 
Morrison Hotel €275.00 €290.00 
Radisson Blu Golden Lane €240.00 €250.00 
Gresham Hotel €195.00 €225.00
Radisson Blue St Helen's Hotel  €250.00 €260.00 
Grand Hotel Malahide €185.00 €225.00
     
5 STAR    
Intercontinental €325.00 €345.00 
Conrad €269.00 €289.00 
     
CAMPUS ACCOMMODATION    
DCU €79.00  €119.00 
All Hallows €99.00  €139.00 
Maynooth €65   

Accommodation Description

3 STAR HOTELS

Jurys Inn Christchurch, Christchurch Place, Dublin 8 

182 Sheomra - Rátáil: 3 Réalta - Achar go dtí Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath (RDS):  4.1KM
Nasc go dtí Léarscáil: https://goo.gl/maps/nioE1b9zuvv

Is foirgneamh nua-aimseartha é Ósta Jurys Theampall Chríost atá suite sa cheantar is sine i mBaile Átha Cliath, os comhair Ardeaglais stairiúil Theampall Chríost. Faightear 182 seomra fhairsinge chompordacha san óstán agus tá áiseanna bialainne agus beáir ann. Tá wifi saor in aisce ar fáil ar fuaid an óstáin. Ciallaíonn an suíomh foirfe atá ag an óstán  seo nach bhfuil ach siúlóid dheas le déanamh chun rochtain a fháil ar limistéar Bharra an Teampaill, Ard-Eaglais Phádraig, Coláiste na Tríonóide agus Sráid Grafton. 
 

Jurys Inn Parnell, Moore Street Plaza, Parnell Street, Dublin 1

253 Sheomra - Rátáil: 3 Réalta
Achar go dtí Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath (RDS):  4.7KM
Nasc go dtí Léarscáil: https://goo.gl/maps/WLB1qV2TYj72

Is óstán comhaimseartha é Ósta Jurys Parnell a bhfuil suíomh lárnach aige nach bhfuil ach nóiméad amháin ó Shráid Uí Chonaill agus siúlóid ghearr ó Shráid an Mhúraigh ~ margadh sráide cáiliúil Bhaile Átha Cliath. Tugann an suíomh lárnach cathrach atá aige deis iontach d’aíonna turas a dhéanamh ar phríomhcheantair siopadóireachta agus ar phríomh-ionaid chultúrtha na cathrach. Tá 253 seomra fhairsinge ann, lena n-áirítear Bialann, Teach Tábhairne agus caifé. Tá wifi saor in aisce ar fáil ar fuaid an óstáin. 
 

 

Maldron Hotel Tallaght, Whitestown Way, Tallaght, Dublin 24

119 Seomra - Rátáil: 3 Réalta
Achar go dtí Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath (RDS):  14.2KM
Nasc go dtí Léarscáil: https://goo.gl/maps/EYqxiGrCnTG2

Is óstán comhaimseartha é Óstán Maldron Thamhlachta atá suite 30 nóiméad ó Aerfort Bhaile Átha Cliath agus turas 20 nóiméad sa charr ó lár na cathrach Bhaile Átha Cliath. Tá 120 seomra dea-réitithe d’aíonna ar fáil ann agus in an-chuid díobh tá radhairc den scoth de Shléibhte Bhaile Átha Cliath. Tá bialann le stíl nua aimseartha agus beár san óstán. Is féidir le haíonna úsáid iomlán a bhaint as ionad Fóillíochta Arena a bhfuil linn snámha 20 m, sauna, seomra gaile, Jacuzzi, linn do pháistí agus giomnáisiam atá feistithe go hiomlán ann. Tá páirceáil shábháilte shaor in aisce ar fáil freisin. Is óstán foirfe é d’aíonna gnó agus fóillíochta araon le rochtain go dtí lár na cathrach ann freisin ó stad tram Luas atá 5 nóiméad ar shiúl ón óstán.

Maldron Hotel Newlands Cross, Newlands Cross, Naas Road, Dublin 22

299 Seomra - Rátáil: 3 Réalta
Achar go dtí Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath (RDS):  21.6KM
Nasc go dtí Léarscáil: https://goo.gl/maps/AH1Expm6TaH2

Suite díreach amach ón N7, príomhbhóthar Bhaile Átha Cliath go dtí deisceart na tíre, tá Óstán Maldron Chrosbhóthar Bhóthar an Fhearainn Nua gar do cheantar tionsclaíoch agus gnó iarthar Chontae Bhaile Átha Cliath. Tá 299 seomra fhairsinge san óstán a bhfuil gach saoráid nua-aimseartha ar fáil iontu. Gheobhaidh tú raon roghanna béilí sa Brasserie, ón mbricfeasta traidisiúnta Éireannach chomh fada le seirbhís iomlán boird à la carte le linn gur féidir le h’aíonna a scíth a ligean le deoch sa Tolglann. Tá suíomh maith ag an óstán chun rochtain éasca a dhéanamh ar Aerfort Bhaile Átha Cliath agus is achar timpeall 9m uaidh go dtí lár na cathrach.

4 STAR HOTELS

Mespil Hotel, Mespil Road, Dublin 4

255 Sheomra - Rátáil: 4 Réalta
Achar go dtí Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath (RDS): 3.0KM
Nasc go dtí Léarscáil: https://goo.gl/maps/9Tyj1dPUR3D2

Suite i gcroílár Bhaile Átha Cliath Seoirseach, ar aghaidh bhruacha duilleacha na Canálach Móire, is óstán nua-aoiseach 4 réalta é Óstán Mespil. Gar d’airéine Chumann Ríoga Bhaile Átha Cliath agus do Staid Aviva, níl ach siúlóid ghearr le déanamh agat chun Faiche Stiabhna agus lár na cathrach Bhaile Átha Cliath a bhaint amach. Tá radhairc ar an gcanáil agus ar an dtimpeallacht Sheoirseach máguaird ag neart de na seomraí codlata agus tá líon árasán ar fáil d’aíonna ar mhian leo cuairteanna níos faide a dhéanamh. Tá líon de roghanna béilí ag aíonna sa bhialann agus i mbeár an Ardáin. Tá dhá sheomra cruinnithe ag an óstán a dhéanann freastal ar ghrúpaí de 22 dhuine. In 2013 cuireadh giomnáisiam leis an óstán a bhfuil dhá sheomra aclaíochta ann agus a chuireann éagsúlacht de threalamh cairdiach agus friotaíochta mar aon le seomra cothromaithe agus sínte ar fáil.

Croke Park Hotel, Jones's Road, Dublin 3 

232 Seomra - Rátáil: 4 Réalta
Achar go dtí Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath (RDS): 6.7KM
Nasc go dtí Léarscáil: https://goo.gl/maps/vDwPTupLpHw

Tá óstán Pháirc an Chrócaigh suite ar Bhóthar Mhic Sheoin gar do Staid clúiteach Pháirc an Chrócaigh, cliabhán spórt Gaelach náisiúnta na hÉireann. Suite go foirfe 10 nóiméad sa charr ó Aerfort Bhaile Átha Cliath níl sé ach siúlóid ghearr ar shiúl ó phríomhshráid lár na cathrach, Sráid Uí Chonaill. Le 232 sheomra fhairsinge, aerchóirithe, fuaiminslithe ann, is láthair den scoth é d’aíonna gnó nó fóillíochta araon agus tá bistró agus beár mealltach ann freisin i dteannta an ghiomnáisiam dá chuid a bhfuil feistiú iomlán nua-aoiseach ann.

Clarence Hotel, 6-8 Wellington Quay, Dublin 2

49 Seomra - Rátáil: 4 Réalta
Achar go dtí Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath (RDS): 5.6KM
Nasc go dtí Léarscáil: https://goo.gl/maps/VCQpvz9DauE2 

Tá Óstán Clarence ina chuid de shaol Bhaile Átha Cliath ó 1852. Cheannaigh beirt chomhaltaí de racghrúpa U2, Bono agus The Edge é in 1992. Ó thaobh dearadh de, is cumasc é de ghnéithe traidisiúnta agus comhaimseartha agus tá suíomh foirfe ag an óstán ar chéanna abhainn na Life i limistéar Theampall an Bharra de Bhaile Átha Cliath. Is ósta beag i stíl boutique é le 49 seomra codlata agus svuít agus iad maisithe le cáiréis. Is bialann a bhfuil cáil mhaith aici Cleaver East, agus is áit chruinnithe fhaiseanta í beár Octagon. Is féidir le haíonna a scíth a ligean sa seomra aclaíochta agus teiripe. Níl ach spaisteoireacht 5 nóiméad le déanamh ón óstán go dtí Sráid Grafton agus Coláiste na Tríonóide, agus is achar siúlóide amháin iad Teampall Chríost, Teach Guinness agus Seandrioglann Jameson. Is siúl 15 nóiméad í go dtí Faiche Stiabhna agus is siúl 20 nóiméad í go dtí Lárionad Seirbhísí Airgeadais na hÉireann feadh Abhainn na Life.

Morrison Hotel, Lower Ormond Quay, Dublin 1

138 Seomra - Rátáil: 4 Réalta
Achar go dtí Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath (RDS): 5.0 KM
Nasc go dtí Léarscáil: https://goo.gl/maps/Hwo5yEi4j5S2

Mar chruthú de chuid an dearthóra John Rocha a bhfuil cáil dhomhanda aige, tá Óstán Morrison suite i gcroílár de chathair Bhaile Átha Cliath ar bhruacha Abhainn na Life. Tá an téama “An tOirthear ag bualadh leis an Iarthar“ fite fuaite san óstán comhaimseartha seo. Tá dearadh seomra codlata simplí, faiseanta agus compordach sna 138 seomra atá ar fáil ann d’aíonna. Nuair nach i mbun a scíth a ligean ina gcuid seomraí atá na haíonna is féidir leo sult a bhaint as Beár Caifé Morrison, spás le toilg compordacha leathair agus WiFi saor in aisce. Bíonn lón agus dinnéar á seirbheáil ag an mbeár mar aon le biachlár iontach manglaim agus deochanna. Is féidir le haíonna úsáid a bhaint as an Ionad Aclaíochta freisin. Sá spás dhá-leibhéal seo tá trealamh cardashoithíoch, meáchain shaora, mataí sínte agus liathróidí ióga. Tá an Morrison suite díreach trasna na habhann ó Theampall an Bharra, a bhfuil clú aige maidir lena shiamsaíocht oíche agus bialanna. Is siúlóid ghearr freisin uaidh go dtí Coláiste na Tríonóide, Sráid Grafton agus Caisleán Bhaile Átha Cliath.

Radisson Blu, Golden Lane, Dublin 8

161 Sheomra - Rátáil: 4 Réalta
Achar go dtí Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath (RDS): 3.9KM
Nasc go dtí Léarscáil: https://goo.gl/maps/3G8SRs1MiX82

Tá Óstán Radisson Blu Ríoga* suite i gCearnóg na hArdeaglaise i gcroílár Bhaile Átha Cliath – in aice le trí shainchomhartha tíre cháiliúla, Ard-Eaglais Phádraig, Caisleán Bhaile Átha Cliath agus Teampall Chríost. Níl ach siúlóid ghearr le déanamh chun rochtain a fháil ar Shráid Grafton, an príomh-cheantar siopadóireachta i mBaile Átha Cliath, tá 161 sheomra ag an óstán 4* seo le rogha stíleanna ann do chách. Faightear i ngach seomra, rochtain ardluais idirlín saor in aisce, rialú aeráide aonair, saoráidí déanta caife agus tae, teilifís taispeána leachtchriostail (LCD) le painéal réidh, guthán diailigh díreach agus cithfholcadh agus folcadán ar leithligh. Tá beár nua-aoiseach agus rogha bialann ann.

Riu Plaza The Gresham Dublin, 23 Upper O’Connell Street, Dublin 1 

288 Seomra - Rátáil: 4 Réalta
Achar go dtí Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath (RDS): 4.4 KM
Nasc go dtí Léarscáil: https://goo.gl/maps/TLyNDZvXoLB2

Is foirgneamh sainchomhartha tíre é Riu Plaza An Gresham Baile Átha Cliath i gcroílár de chathair Bhaile Átha Cliath agus is ceann de na hóstáin is sine sa chathair a tógadh in 1817. Tá suíomh lárnach ag an óstán ar Shráid Uí Chonaill in aice le ceann de phríomh-limistéir siopadóireachta na príomhchathrach, agus gar do Staid Pháirc an Chrócaigh, Teampall an Bharra, Amharclann na Mainistreach agus an tIonad Comhdhála Nua. Tá athchóiriú cuimsitheach déanta ar an óstán le blianta beaga anuas agus sa lá atá inniu ann tá 288 seomra d’aíonna le stíl comhaimseartha ar fáil ann. Tá dhá bhialann ann, ina bhféadfadh aíonna a scíth a ligean le tae beag i décor clasaiceach Tholglann na Scríbhneoirí, nó i mbeár Toddys, áit is ansa le haíonna tí is atá sí leis an bpobal áitiúil araon. Is féidir le haíonna leas a bhaint as an stiúideo inmheánach aclaíochta freisin. 

 Radisson Blu St. Helen's Hotel, Stillorgan Road, Co. Dublin

151 Seomra - Rátáil: 4 Réalta
Achar go dtí Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath (RDS): 3.6 KM
Nasc go dtí Léarscáil: https://goo.gl/maps/mGA67A2ep4C2

Suite i gceithre acra de ghairdíní maorga foirmiúla, is óstán nua-aoiseach é Radisson Blu Ostán San Eiléan, ar bealach 5km ó lár chathair Bhaile Átha Cliath é. Tá Halla San Eiléan ina chuid den óstán, ar teach mór stairiúil é ón 18ú haois a bhfuil athchóiriú agus fairsingiú cuimsitheach déanta air le go ndéanfaí maoin 5 réalta de. Tá 151 sheomra shócúlacha d’aíonna ann lena n-áirítear 25 svuít, dhá bhialann agus Beár Orangerie atá suite i ngrianán uathúil Victeoiriach. Tá 11 svuít atá tiomnaithe do chruinnithe agus d’imeachtaí, a bhféadfaí freastal a dhéanamh ar suas go dtí 350 toscaire. Féadfaidh aíonna leas saor in aisce a bhaint as svuít aclaíochta a bhfuil lán-fheistiú aige agus atá suite i dtailte stairiúla eastát San Eiléan. Tá radhairc fhairsinge de ghairdíní an óstáin le fáil i ngach seomra den óstán, agus cibé acu de Chuan Bhaile Átha Cliath nó de Shléibhte Chill Mhantáin. Is siúlóid trí nóiméad ón óstán í go dtí an stad is neasa Aircoach. Féadfaidh aíonna de chuid an óstáin siúl gan dua go dtí An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus go dtí roinnt príomh-shuíomhanna eile Bhaile Átha Cliath a bhfuil an tóir orthu ar nós Ráschúrsa Bhaile na Lobhar, Ionad Baile Dhún Droma agus Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath, nach bhfuil ach nóiméid ar shiúl ón óstán

Grand Hotel Malahide, Malahide Village, Co Dublin  

150 Seomra - Rátáil: 4 Réalta
Achar go dtí Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath (RDS):  21.4KM
Nasc go dtí Léarscáil: https://goo.gl/maps/2xTaVEm4mrk

Is óstán traidisiúnta é Óstán Mór Mhullach Íde atá suite i Mullach Íde baile uathúil cois farraige i bhfo-bhaile Bhaile Átha Cliath. Is turas sa charr 15 nóiméad uaidh go dtí Aerfort Bhaile Átha Cliath agus 5 nóiméad go dtí mótarbhealach an M50. Tá seirbhísí DART (iarnród comaitéireachta), iarnróid, agus seirbhísí rialta bus poiblí go dtí cathair Bhaile Átha Cliath, aistear tuairim is 30 nóiméad. Is rogha den scoth an t-óstán seo do chuairteoirí ar mhian leo taitneamh a bhaint as na suíomhanna do chuairteoirí i gCathair Bhaile Átha Cliath áiseanna agus suaimhneas baile bhig cois farraige. Tá 150 seomra codlata agus áiseanna cuimsitheacha, lena n-áirítear ionad fóillíochta, saoráidí comhdhála, beár agus bialann san óstán. 

5 STAR HOTELS

Intercontinental Dublin, Simmonscourt Road, Ballsbridge, Dublin 4

197 Seomra - Rátáil: 5 Réalta 
Achar go dtí Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath (RDS): 1.0 KM
Nasc go dtí Léarscáil: https://goo.gl/maps/eKtZrKqeacG2
Is é Idir Ilchríocha Bhaile Átha Cliath, an t-óstán is deise 5 réalta sa chathair, soiprithe ar dhá acra de ghairdíní atá leagtha amach go hálainn i nDroichead na Dothra a bhfuil 197 seomra codlata agus svuít d’aíonna shócúlacha dhea-réitithe ann, agus a bhfuil aitheanta go forleathan ar an óstán is fairsinge sa chathair. Tá cáil air mar shuíomh na gcruinnithe gnó, na n-imeachtaí agus na n-ócáidí ceiliúrtha is céimiúla sa chathair, is é an rogha fhoirfe Idir Ilchríocha Bhaile Átha Cliath le níos mó ná 1,500 méadar cearnach de spás le haghaidh imeachtaí ann.

Is ceann scríbe itheacháin atá ar fáil ar fud an lae é Idir Ilchríocha Bhaile Átha Cliath le hatmaisféar compordach agus galánta ó bhricfeastaí go moch ar maidin go dtí rogha manglaim mall san oíche; bíonn rud nua agus blasta i gcónaí ann le do do mhealladh. Is tearmann galánta uirbeach é an Spá ag Idir Ilchríocha Bhaile Átha Cliath le cúram cnis atá múnlaithe ar na torthaí fiúntacha a fhaightear ann agus le sceidil a dheartar le dul in oiriúint le riachtanais cách. Tá Linn Snámha, Sauna, Guairneán agus ceithre sheomra cóireála ann, le háiseanna den chineál is úire agus foireann shaineolach de theiripeoirí, úsáideann an spá sómhar táirgí ón réimse sócúlach ESPA Spa. 

Conrad Dublin, Earlsfort Terrace, Dublin 2

191 Seomra - Rátáil: 5 Réalta
Achar go dtí Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath (RDS):3.1 KM
Nasc go dtí Léarscáil: https://goo.gl/maps/STekypwPP9H2

Is óstán fíorghalánta é Conrad Bhaile Átha Cliath i gcroílár na cathrach. Suite i gcroílár Bhaile Átha Cliath, tá aíonna an óstáin seo gar do Shráid Grafton agus Teampall an Bharra araon, na háiteanna is fearr le dul i dtaithí ar shiopaí agus ar bheáir uathúla Bhaile Átha Cliath faoi seach. Tá 191 sheomra agus svuít galánta ann, tá na seomraí geala fairsinge maisithe i ndathanna éadroma nua-aimseartha a bhfuil teilifís, gléas ard-dílseachta agus deasc oibre iontu. Faightear róbaí folctha agus slipéir sna seomraí folctha áille. Tá an t-óstán bródúil as an gcáilíocht is airde a thairiscint dá aíonna i ndáil le háiseanna agus saoráidí sócúlacha.  Tá ionad aclaíochta an óstáin feistithe go hiomlán le meaisíní cardashoithíocha agus meáchain agus is le leas eisiach aíonna an óstáin amháin atá sé. Tá rogha itheacháin ar fáil san óstán sócúlach seo freisin. Bain taitneamh as cócaireacht chomhaimseartha shéasúrach sa Bhialann dá chuid, a bhfuil rogha béilí ar fáil ann ó ghnáth-bhia go dtí an béile nuálach, i dtimpeallacht theolaí nua-aimseartha. Tá 
deis itheacháin níos réchúisí ar fáil i mBeár agus Gríosclann Alfie, ar aghaidh an Cheolárais Náisiúnta, i suíomh atá geal agus aigeanta. Le nóiméad scíth a ligean i lár bhroid na cathrach, faigh deoch i mBeár Manglaim Alex. Le deochanna manglaim fuaraithe mar speisialtacht ann, is iontach maith an beár seo le haghaidh deochanna réamh-dhinnéir, ócáidí sóisialta nó sólaistí éadroma. Gheobhaidh tú béilí réchúiseacha sa bheár téama seo a bhfuil atmaisféar iontach maith ann. 

CAMPUS ACCOMMODATION

DCU - Dublin City University, Glasnevin, Dublin 9

Rátáil: Lóistín Mac Léinn - Achar go dtí Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath (RDS):  9.6KM - Nasc go dtí Léarscáil: https://goo.gl/maps/mw5y3W3nxU92

Is é DCU, Glas Naíon an campas is mó de na trí phríomh-champas de chuid Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath a chuireann seomraí nua-aimseartha ar fáil i suíomh inrochtana i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath. Le linn do sheala ar champas Ghlas Naíon is féidir leat leas a bhaint as na háiseanna atá ar fáil ar an láthair ar nós na trí bhialann, beár ar an láthair, mion-ollmhargadh, cógaslann, Amharclann Helix agus áiseanna spóirt d’ardchaighdeán lena n-áirítear ár linn snámha agus giomnáisiam.  
Is luach ar airgead iontach maith iad Seomraí Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus is ar chomh chaighdeán iad le hóstáin trí réalta le linn duit tréimhse a chaitheamh i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath agus Lár Bhaile Átha Cliath. Tá na seomraí ar fad en suite agus iad nua-aoiseach agus inacmhainne araon agus tá áiseanna féinfhreastail ar fáil. Is féidir le cuid den mhaoin a roinnt in árasáin mhóra 5 sheomra codlata a d’oirfeadh do theaghlaigh/do ghrúpaí ar mhian leo leas a bhaint as spás maireachtála roinnte.
Tá an suíomh seo gar do Pháirc an Chrócaigh, ceann de phríomh-fhaichí spóirt na hÉireann.

All Hallows

Rátáil: Lóistín Mac Léinn - Achar go dtí Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath (RDS): 7.5KM
Nasc go dtí Léarscáil: https://goo.gl/maps/iLwt5NRhV362

Tá Campas na Naomh Uile ar cheann de na campais atá ceangailte le hOllscoil Chathair Bhaile Átha Cliath a sholáthraíonn seomraí nua-aimseartha i dtimpeallacht álainn i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath. Le linn míonna an tsamhraidh soláthraítear lóistín d’ardchaighdeán do thurasóirí agus do chuairteoirí ar mhian leo leas a bhaint as lóistín compordach mar rogha inacmhainne dóibh siúd ar mhian leo fanacht i láthair lárnach i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath. Mar chuairteoir ar an gcampas féadfaidh tú stair na háite a rianú sa Taispeántas Oidhreachta nua agus do scíth a ligean sa Ghairdín Machnamhach dá chuid taobh le Séipéal na Naomh Uile ar sainchomhartha tíre riamh é sa cheantar áitiúil. Tá an suíomh seo gar do Pháirc an Chrócaigh, ceann de phríomh-fhaichí spóirt na hÉireann.

Maynooth University - Ollscoil Mhá Nuad

Rátáil: Lóistín Mac Léinn - Achar go dtí Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath (RDS): 43.5KM
Nasc go dtí Léarscáil: https://goo.gl/maps/ZPdQxbKanVs

I mbliain a 1795 a tógadh campas stairiúil Mhá Nuad agus is ann atá Coláiste Phádraig agus Ollscoil Mhá Nuad. Tá cóiríocht aíonna ar fáil i saghsanna éagsúla seomraí, idir árasáin mac léinn agus sheomraí en suite dea-chóirithe ina bhfoirgnimh oidhreachta. Ó bhliain a 1992, tá Comhdháil & Cóiríocht Champas Mhá Nuad ag fearadh fíorchaoin fáilte roimh gach grúpa, is cuma cén méid é, roimh ócáidí móra spóirt agus cultúir, roimh scoileanna samhraidh agus comhdhálacha, agus roimh thurasóirí ó Éirinn agus thar lear. Ar champas na hollscoile, gheobhaidh tú seirbhísí nua-aimseartha ar láthair a bhfuil traidisiún saibhir ar a cúl agus a bhfuil foirgnimh dhearscnaitheacha agus fearann álainn ina mbarr maise uirthi. I dteannta a seomraí aíonna, beidh dhá sheomra breátha bia mar aon le raidhse roghanna spóirt agus fóillíochta ar do dheis agat.

Árasán En-suite
Tá seomraí en-suite ar fáil in dhá cheann de shráidbhailte na mac léinn, mar atá, Árasáin na hAbhann agus Árasáin an Chlóis. Is gnách go mbíonn saoráidí en-suite ar fáil in árasáin 5 leaba ach gheobhaidh tú i gcuid d’árasáin 4 leaba agus 6 leaba leis iad. Tá cistin lánfheistithe ar fáil i ngach árasán mar aon le bord iteacháin agus seomra suite. Ar an gcampas thuaidh atá siad sin.

Sráidbhaile na hOllscoile
Seomraí caighdeánacha in árasáin 5 leaba i Sráidbhaile na hOllscoile a bhfuil 48 gcinn d’árasáin ann. Dhá chithfholacadán agus dhá leithreas i ngach aon árasán. Tá cistin lánfheistithe, bord iteacháin agus seomra suite i ngach árasán. Ar an gcampas thuaidh atá siad sin.

Interesting Links:

 

Hostel Suggestions in Dublin

Táimíd buíoch dár n-aistritheirí deonacha go léir a chabhraigh linn an leathanach seo a chur ar fáil i nGaeilge

Téigh i dteagmháil linn

WMOF2018 Office

Holy Cross Diocesan Centre,

Clonliffe Road, Dublin 3, Ireland

Tel.: +353 1 567 6800

Email: info@worldmeeting2018.ie

Lean muid