Bí id oibrí Deonach

 

Fáilte go dtí Cruinniú Domhanda na dTeaghlach 2018 leathanach deonach!

Beidh na mílte oilithreach idir Éireannach agus Idirnáisiúnta ag teacht chuig Cruinniú Domhanda na dTeaghlach 2018.  Is trí obair dheonach amháin ó dhaoine fiala a bheifear in ann é a eagrú agus a chur i gcrích, sin iad na daoine a bhronnann a gcuid buanna ar son an ghrá.  

Ní bheadh rath ar Chruinniú Domhanda na dTeaghlach gan na saorálaigh.  Beimid buíoch de gach neomat a chaitear linn.  Is mór againn an chabhair agus tú súil againn go smaoineoidh tú ar chur isteach ar ár bhFoireann Saorálach.

Cén fáth Obair Dheonach?

Bíonn leas thar cuimse le baint as obair dheonach idir phearsanta, sóisialta agus spioradálta.  Cuireann daoine a gcuid scileanna i bpáirt agus foghlaimítear scileanna nua, cuirtear go mór leis an sochaí iomlán.  Bíonn fáthanna eile leis ann; má tá tú i do shaorálach linne don WMOF2018 gheobhaidh tú taithí, beidh an-chaidreamh sóisialta agus cairde nua agat, go simplí beidh tú ag cabhrú linn chun an ócáid speisialta uathúil seo a chur i gcrích.  

Cé hiad na saorálaigh? 

Chun cur isteach ar an bhfoireann saorálach do WMOF2018 ní mór a bheith i do chónaí ar oileán na hÉireann lena linn sin.   Léigh anseo na critéir a bhaineann le bheith i do shaorálach.  Go raibh maith agat. Má tá suim agat san obair dheonach, led thoil  téigh chuig an leathanach seo chun tuilleadh eolas agus sonraí a fháil. 

 

Téigh i dteagmháil linn

WMOF2018 Office

Holy Cross Diocesan Centre,

Clonliffe Road, Dublin 3, Ireland

Tel.: +353 1 567 6800

Email: info@worldmeeting2018.ie

Lean muid